Predictive Text

Tá an Ghaeilge níos éasca le n-úsáid anois ná mar a bhí riamh cheanna mar gheall ar an téacsáil réamhaithriseach shainiúil atá mar chuid de Abair Leat.

Bhfuil tú tinn tuirseach nuair a athraíonn “craic’ go “crack”? Nó “scoil” go “spoil”? Is féidir le Abair Leat cúnamh a thabhairt duit leis seo. Déanann an téacsáíl réamhaithriseach shainiúil seic duit ag úsáid foclóir oifigiúil Ghaeilge, le déanamh cinnte go bhfuil tú ag baint an méid is mó amach ón taithí agus gur féidir leat, gan aon frustrachas.

Éachtaí

Is féidir éachtaí a bhaint amach agus luach saothair a eisiúint agus tú ag úsáid Abair Leat!

Chomh maith leis sin beidh tú ag cur feabhas ar do chuid scileanna Gaeilge. Le chuile téacs a sheaolann tú ag úsáid Abair Leat, faigheann tú pointí chun na héachtaí agus na luach saothair seo a fháil. Beidh tú in ann trofaithe a bhaint amach chomh maith le leabharlainn Emoji a oscailt agus is féidir gaisce a dhéanamh astu i measc do chairde ar Abair Leat agus na hardáin/ suíomhanna eile meáin shóisialta.

Faoi Smacht an Úsáideora

Chuile rud ina mbeadh súil agat leis in áis theachtaireachta agus níos mó fós!

Is féidir pictiúirí agus físeáin a roinnt, chomh maith le tú féin a chur chun cinn ag úsáid an leabharlann emoji agus teachtaireachtaí ghrúpa a thosnú. Má shíníonn tú isteach le Facebook, beidh liosta de do theagmhálacha nascaithe isteach le Abair Leat. Ligeann Abair Leat cead duit smacht a bheidh agat ar do phríobháideacht trí ligeann cead duit úsáideoirí ar leith a chiúine nó bac a chur orthu. Is féidir leat fiú do láthair reatha a roinnt le do chuid cairde. Tá sé go hiomlán suas duitse, cén chaoi ina n-úsáideann tú Abair Leat!

Is é Abair Leat an chéad áis theachtaireachta soghluaiste do na mionteangacha.

Chomh maith le bheith ina áis theachtaireachta soghluaiste le cúpla tréith spraoiúil, déanann Abair Leat cumarsáid trí mheán na Gaeilge níos éasca agus níos spraoiúil ná riamh cheanna!

Chun tuille eolais a fháil ar fhobairt Abair Leat cliceál thíos anois.

Faigh Abair Leat

Síneadh isteach ag úsáid Facebook, nó cruthaigh cúntas nua.